Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-04-28-Speech-2-418-750"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150428.26.2-418-750"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Chaith mé vóta i bhfabhar na tuarascála seo. Níl málaí plaisteacha in-bhithmhillte agus glacann sé 400 go 1 000 bliain chun iad a scriosadh sa timpeallacht. Tá sé measta go mbaintear úsáid as 1 mhilliún mála plaisteach gach nóiméad ar fud an domhain. Ní haon ionadh é mar sin go bhfuil tionchar damáisteach ag dramhaíl phlaisteach ar aigéin an domhain.
Ní thagann meathlú iomlán ar phlaisteach, briseann sé síos i bpíosaí beaga. Téann 120 000 tona de phlaisteach isteach sna haigéin gach bliain agus tá sé thar a bheith scanrúil le smaoineamh go bhfuil seans mór ann mar sin go bhfuil plaisteach ionghafa ag na héisc a ithimid.
In Éirinn, sa tuaisceart agus sa deisceart, tá sé soiléir go raibh tionchar maith ag na táillí ar na málaí plaisteacha. Ba í Éire an chéad tír a chuir an tobhach seo i bhfeidhm agus faoi láthair tá costas de 22 cent ar gach mála. Thit líon na ndaoine a úsáideann málaí plaisteacha ó 328 gach bliain go 21 agus tá sé sin i bhfad níos lú ná an sprioc de 90 atá sa tuarascáil seo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples