Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-03-25-Speech-1-549-062"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150325.43.1-549-062"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Tá sé soiléir go bhfuil géarchéim dhaonnúil san Úcráin i láthair na huaire agus tá sé aitheanta go forleathan gurb í an choimhlint ba chúis leis. Sa chomhthéacs seo is trua mór é nach bhfuil moltaí ar bith do chomhaontú polaitiúil i dtreo réiteach síochánta den choimhlint le fáil sa togra seo ón gCoimisiún. Mar aon leis sin, tá an cúnamh macra-airgeadais de EUR 1.8 billiún atá molta ag an gCoimisiún bainteach leis an déine trí choigeartuithe maicreacnamaíocha agus leasú struchtúrach. Ní chuireann an togra seo in iúl conas a chabhróidh an ‘leasú’ seo le geilleagar na hÚcráine, nó conas a bheas tionchar aige ar mhuintir na tíre. Cuireann Sinn Féin fáilte roimh na hiarrachtaí dul i ngleic leis an ngéarchéim dhaonnúil san Úcráin. Chaith mé vóta i bhfabhar na leasuithe a chuir feabhas ar thogra an Choimisiúin. É sin ráite, de bharr go bhfuil an togra seo bunaithe ar mhúnla déine lochtach agus ceann nach gcabhróidh le muintir na hÚcráine, staon mé ón réiteach seo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph