Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-03-12-Speech-4-236-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150312.28.4-236-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, cosúil le Feisirí eile chuir marú cheannaire an fhreasúra, Boris Nemtsov, déistin ormsa agus chuir a lán daoine an cheist: conas go bhféadfadh a leithéid tarlú chomh gairid leis an gCreimil. Bhí amhras agus imní ar dhaoine faoi sin. Freisin, caithfidh mé a rá gur chuir sé déistin agus díomá orm nár ligeadh dár gcomhghleacaí agus mo chara, Sandra Kalniete, freastal ar an tsochraid. Coimeádadh í ag an aerfort, tógadh a doiciméid uaithi agus bhí uirthi fanacht ansin ar feadh mórán uaire gan a fhios aici cad a bhí ag tarlú. Ní maith an scéal é sin agus taispeánann sé nach bhfuil mórán measa ag Putin ar an daonlathas nó ar an Aontas Eorpach ach go háirithe. Rud amháin nach bhfuil mé ró-shásta faoi inniu ná nach raibh vótáil le glao rolla againn ag an deireadh; bhí vóta ginearálta againn. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh a fhios againn cé mhéad Feisire a bhí i bhfabhar na tuarascála seo. Bheadh sé níos fearr mar theachtaireacht do Putin dá mbeadh an figiúr ceart againn. Ach taobh amuigh de sin, vótáil mé le mo ghrúpa ins na vótaí go léir."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph