Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-03-12-Speech-4-119-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150312.8.4-119-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, is cuimhin liom a bheith ag caint sa Pharlaimint anseo cúpla bliain ó shin nuair a fuair an tSúdáin Theas neamhspleáchas agus ag an am sin bhíomar dóchasach go rachadh an tír ar aghaidh, ach ní mar sin a tharla faraor. I ndáiríre tá sí imithe ar chúl. Ní féidir aon dul chun cinn a dhéanamh nuair a bhíonn cogadh cathartha i dtír mar atá sa tSúdáin Theas. Is tragóideach go bhfuil siad ag úsáid buachaillí óga mar shaighdiúirí; ag dul isteach i dtithe agus i scoileanna ag tógaint buachaillí óga amach, ag cur gunnaí ina lámha chun daoine eile a lámhach nó, níos dóichí b’fhéidir, chun go marófar iad féin. Caithfimid gach iarracht a dhéanamh chun deireadh a chur leis seo agus ansin an acmhainn shaibhir atá acu, go háirithe ola, a úsáid ar mhaithe lena ndaoine agus na scoileanna a oscailt chun oideachas a thabhairt do na daoine óga."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples