Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-03-11-Speech-3-567-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150311.50.3-567-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá máistreacht ar an ábhar seo léirithe arís ag an Uasal Brok sa tuarascáil seo agus dar ndóigh nuair a fhéachaimid ar an scéal tá béim i bhfad níos difriúla ar an tuarascáil seo ón Ardionadaí i mbliana ná mar a bhí le cúpla bliain anuas. Tuigimid go bhfuil cúrsaí cosanta agus slándála i bhfad níos tábhachtaí ná mar a cheapamar b’fhéidir agus ní gá dúinn ach féachaint ar cad a tharla i bPáras agus san oirthear – san Úcráin – chun é sin a thuiscint.
Agus nuair a théimid isteach i bParlaimint na hEorpa anois, ní póilíní i ngluaisteáin in aice leis an bParlaimint a fheicimid ach saighdiúirí le gunnaí taobh amuigh den Pharlaimint. B’fhéidir nach leor sin ach sin an saol agus caithfimid bheith ar an airdeall mar a dúirt a lán cainteoirí roimis sin agus cinnte b’fhéidir nach n-aontaíonn a lán daoine gur ghá arm Eorpach a bheith againn faoi láthair ach gan dabht ar bith caithfimid labhairt le haon ghuth. Caithfimid bheith aontaithe agus mar a dúirt an Coimisinéir Mogherini, caithfimid obair le chéile. Dúirt sí gurb é sin an eochair chun dul ar aghaidh agus an ceart aici sa mhéid sin. Rud amháin ba mhaith liom a rá freisin, tá dóchas againn tar éis na hóráide breá a thug an Rí Abdulladh II dúinn inné agus má bhíonn gach duine cosúil leis beidh an saol níos fearr."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples