Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-03-11-Speech-3-307-312"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150311.37.3-307-312"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Staon mé ón vóta seo cé go n-aithním go bhfuil rudaí maithe sa tuarascáil seo cosúil leis an tslí go luaitear an gá atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil. É sin ráite, ní raibh mé ábalta tacaíocht a thabhairt dó toisc go gcreidim nach bhfaighimid dea-nuacht ar bith chomh fada is atá an Coimisiúin greamaithe sa chreat airgeadais ilbhliantúil atá againn faoi láthair. Tá sé ráite arís is arís eile go bhfuil creat buiséid iomlán difriúil ag teastáil agus go bhfuil athbhreithniú de dhíth. Tá clár infheistithe phoiblí láidir uainn, infheistiú a chuirfidh deireadh leis an gcúlú eacnamaíochta; infheistiú a chinnteoidh go dtiocfaidh laghdú ar an mbearna ollmhór atá ann idir na réigiúin is saibhre agus is boichte, agus a chuirfidh le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíochta. Níor chóir dúinn cur leis an ngeilleagar bréagach. Tá neart plé ann faoi láthair faoi phlean Juncker. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtugaimid cosaint d’infheistíocht phoiblí agus go gcuirimid stop le príobháidiú earnálacha. Caithfimid bogadh ó na polasaithe déine láithreach, agus polasaithe a chur i bhfeidhm a oibríonn ar son na ndaoine seachas ina gcoinne."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph