Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-02-12-Speech-4-096-000"
| Predicate | Value (sorted: default) | 
|---|---|
| rdf:type | |
| dcterms:Date | |
| dcterms:Is Part Of | |
| dcterms:Language | |
| lpv:document identification number | "en.20150212.5.4-096-000"2 | 
| lpv:hasSubsequent | |
| lpv:speaker | |
| lpv:spoken text | "A Uachtaráin, gan dabht ar bith is cás truamhéalach é seo mar ar láimh amháin tá gaol maith againn le Ríocht na hAraibe Sádaí. Tá a lán dul chun cinn déanta ag an ríocht sin agus, mar shampla, tá níos mó daoine a úsáideann Twitter san Araib Shádach ná in aon áit eile sa Mheánoirthear. Ach ar an láimh eile, tarlaíonn a leithéid seo: buillí uafásacha ar dhroim duine sa lá atá inniu ann mar thaispeántas poiblí. Ní féidir cur suas leis seo. I ndáiríre, tá sé ag déanamh saghas spóirt de, spórt reiligiúin mar tá sé ag tarlú os comhair mosc agus dá bhrí sin ba chóir dúinn gach iarracht a dhéanamh chun brú a chur ar údarás Ríocht na hAraibe Sádaí deireadh a chur leis an nós aineolach, barbarach, meánaoiseach seo agus Raif Badawi a ligean saor."@en1 | 
| lpv:spokenAs | |
| lpv:unclassifiedMetadata | |
| lpv:videoURI | 
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples
