Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-01-15-Speech-4-057-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150115.8.4-057-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, mar Éireannach, ba mhaith liom a rá go bhfuil mé bródúil as an obair atá á déanamh ag an Ombudsman Emily O’Reilly agus gan dabht ar bith tá na Feisirí go ginearálta an-sásta leis an obair atá déanta aici agus dar ndóigh ós rud é gur glacadh léi arís mar Ombudsman don tréimhse atá romhainn d’aon ghuth, taispeánann sé sin go bhfuil jab an-mhaith á dhéanamh aici. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh duine sa bpost sin, duine a bheadh éirimiúil, tuisceanach, ciallmhar agus tá na tréithe sin go léir ag Emily agus tá moladh tuillte aici. Nuair a thagann daoine go dtí an tOmbudsman, bíonn siad in ísle brí. Ceapann siad nach bhfuil cothrom na Féinne ar fáil ina dtír féin nó san Eoraip agus is iontach go bhfaigheann siad cothrom na Féinne ó Emily O’Reilly agus Oifig an Ombudsman. Dá bhrí sin, molaim í agus an fhoireann atá aici agus mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá le Ming Flanagan cé go bhfuil drochrudaí b’fhéidir ag tarlú in Éirinn tá a lán dul chun cinn á dhéanamh ann chomh maith agus is fiú é sin a aithint freisin."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph