Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-12-18-Speech-4-056-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20141218.4.4-056-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, seo an tríú bliain i ndiaidh a chéile go bhfuilimid ag caint faoi chearta daonna sa limistéar seo den domhan agus i ndáiríre is deacair a chreidiúint go bhfuilimid ag caint faoi sclábhaíocht sa lá atá inniu ann. Ach sin díreach mar atá, agus go háirithe nuair a thuigimid gurb í an Mháratáin an tír dheireanach ar domhan chun sclábhaíocht a chur ar ceal go hoifigiúil i mbliain 1981. Anois trí bliana is tríocha ina dhiaidh sin deirtear go bhfuil suas le 4 % nó níos mó, b’fhéidir suas le 20 % den daonra faoi sclábhaíocht.
Ní féidir cur suas leis seo agus caithfimid brú a chur ar an Máratáin cloí lena rialacha féin agus go háirithe seans a thabhairt do na sclábhaithe atá ag déanamh feirmeoireacht ar thalamh le cianta a bheith ina n-úinéirí ar an dtalamh sin agus freisin an fear iontach cróga Biram Dah Abeid a ligean saor. Níl aon chúis go bhfuil sé i bpríosún in aon chor."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples