Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-12-16-Speech-2-887-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20141216.40.2-887-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, is minic a deirtear nach bhfuil anam ná croí ag polaiteoirí agus go háirithe ag institiúidí móra cosúil leis an Aontas Eorpach. Ach taispeánann na moltaí seo, ní hamháin go bhfuil anam agus croí againn, ach gur féidir linn beart a dhéanamh go tapaidh nuair atá gá leis agus gan dabht tá gá leis sa chás seo, mar tá daoine bochta na Moldóive, go háirithe feirmeoirí agus teaghlaigh bochta thíos leis de bharr pholasaí na hollphéiste Putin. Ní féidir leo torthaí a easpórtáil go dtí an Rúis.
Mar an dúirt an Coimisinéir, is deacair margaí nua a fháil agus cinnte ní féidir iad a fháil thar oíche. Dá bhrí sin táimid ag teacht i gcabhair ar ár gcomharsa. Taispeánann sé sin go bhfuil croí agus anam againn agus níos fearr fós, is féidir linn é a dhéanamh gan cur isteach rómhór ar ár bhfeirmeoirí féin. Mar a dúirt an Coimisinéir, nílimid ag caint faoi ach níos lú ná 1 % de na torthaí atá againn san Aontas. Dá bhrí sin is iontach an t-éacht é seo agus taispeánann sé mar a deirtear i mBéarla:
A friend in need is a friend indeed. Moldova is in need and we are proving to be a friend indeed."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples