Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-12-15-Speech-1-151-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20141215.17.1-151-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, ó a bheith ag éisteacht leis an díospóireacht ón tús, tá sé soiléir domsa ar aon nós nach nglacfar leis na moltaí seo. Ní hé sin le rá nach bhfuil na Feisirí i bhfabhar feabhas a dhéanamh ar an ábhar seo. Táimid ag caint faoina chur siar ar feadh tamaillín mar a dúirt Wim van de Camp agus nílimid ag caint faoina chur ar ceal ar fad. Má thógann an Coimisiún an seans sin chun éisteacht leis na pointí atá luaite ag na Feisirí anseo anocht agus a thriall iad a chur san áireamh nuair a bheidh siad ag déanamh athbhreithniú ar na moltaí is féidir linn moltaí an-mhaith a bheith againn a sheasfaidh an fód agus a chabhróidh leis an lucht oibre agus lucht taistil chomh maith. Mar shampla, luadh go háirithe dumpáil shóisialta. Gan dabht ar bith is fadhb mhór é sin. Ní féidir linn cur suas leis agus caithfimid gach iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis. Dúradh freisin go háirithe a mhéid a bhaineann leis an Iodáil agus faoi chabatáiste mídhleathach. Arís is fadhb é sin. Níl sé féaráilte do na hoibrithe agus ba chóir dúinn riail shimplí ach fhéaráilte a thabhairt isteach a dhéileálann leis an bhfadhb sin. Freisin tá sé an-tábhachtach go mbeadh páirc imeartha leibhéalta againn do gach aon tír agus bʼfhéidir gur cheart dúinn féachaint ar cad tá ag tarlú ina lán tíortha. I mo thír féin, mar shampla, tá an roinn tar éis foirm foirm iarratais mheastóireachta a thabhairt isteach a dhéanann na gardaí ar na daoine atá ag lorg ceadúnas sular féidir leo gnó taistil a bhunú. Is dóigh liom gur fiú féachaint air sin agus bʼfhéidir iad a thabhairt isteach ar fud na hEorpa. Dá bhrí sin, ba chóir dúinn féachaint ar rialacha comónta a bheith againn agus ansin monatóireacht chomónta a bheith againn ina dhiaidh."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph