Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-11-27-Speech-4-395-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20141127.31.4-395-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, dar ndóigh aontaímid go léir go bhfuil sé an-tábhachtach an margadh aonair a thabhairt isteach go hiomlán chomh luath agus is féidir agus cabhróidh sé sin linn éalú as an gcúlú eacnamaíochta agus jabanna agus fás agus borradh a bheith againn san Aontas.
Vótáil mé leis an ngrúpa sna vótaí go léir, ach le heisceacht amháin. Sin an leasú ar an dara cuid de pharagraf 10 – an vóta trí ghlao rolla, mar labhraíonn sé faoi ‘
’. Is dóigh liom féin go bhfuil sé beagáinín róluath a bheith ag caint ar nó ag déanamh rudaí mar sin, mar caithfimid féachaint ar cad a tharlóidh má dhéantar é. Go háirithe, ceapaimid go gcuirfeadh sé isteach go mór, b’fhéidir, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide inár dtír féin agus b’fhéidir i dtíortha eile. Dá bhrí sin, vótálamar i gcoinne an leasaithe sin cé gur glacadh leis le móramh mór."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
"unbundling of search engines from other commercial services"1
|
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples