Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-11-25-Speech-2-586-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20141125.32.2-586-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, ar maidin sa Pharlaimint thug an Pápa Proinsias I an-óráid dúinn agus insan óráid sin luaigh sé dínit, go háirithe dínit an duine. Dúirt sé gur ceann de na slite is fearr chun dínit a thabhairt do dhuine ná jab fiúntach a thabhairt dóibh; mar tugann sé sin luach ar a saol agus tugann sé féinmhuinín agus féinmheas agus, dar ndóigh, ioncam dóibh.
Ach ní haon mhaitheas jab a thabhairt do dhaoine muna bhfuil siad slán sábháilte in áit a gcuid oibre, agus tá sé le feiceáil go soiléir nach bhfuil sé sin ag tarlú ina lán áiteanna trasna na hEorpa. Fiú amháin tamall beag ó shin bhí ar Phríomh-aire na Laitvia, éirí as a chuid oibre de bharr tubaiste uafásach a tharla i monarcha ann de bharr drochthógálaithe; taispeánann sé sin an dainséar atá ann.
Luaigh mo chomhghleacaí Marian Harkin staitisticí maidir le daoine á ngortú agus á marú in áit a gcuid oibre a chuirfeadh sceon ort. Dar ndóigh, taispeánann sé sin go bhfuil sé an-tábhachtach díriú ar an ábhar seo agus an straitéis a luaigh mo chara Marianne Thyssen a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir linn. Más féidir linn é sin a dhéanamh beidh ionad a gcuid oibre slán sábháilte do na hoibrithe agus tugaimid an dínit a luaigh an Pápa ar maidin dóibh trasna na hEorpa agus beidh gaisce déanta againn ansin."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples