Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-11-25-Speech-2-366-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20141125.25.2-366-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, tá sé aitheanta ag beagnach gach Feisire sa Pharlaimint seo go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil fiachais bhuiséad na hEorpa slán. Mura n-íoctar iad tá na himpleachtaí do-ghlactha. Anuraidh, mar gheall ar an staid seo, níor éirigh leis an Aontas Eorpach aon pholasaithe nó cláir a chur i bhfeidhm, go háirithe iad siúd a bheadh ábalta fostaíocht agus fás a chruthú. Tá sé seo go léir ag tarlú in am nuair atá Ballstáit na hEorpa ag streachailt; in am ina bhfuil an tAontas Eorpach ag dul i dtreo géarchéime don tríú bliain, agus in am a bhfuilimid cóngarach do dhíbhoilsciú. Ní féidir linn ligint don rud céanna tarlú arís i 2015. Tá tuilleadh acmhainní ag teastáil do phoist agus fás. Sin é an gealltanas a thug an Chomhairle dúinn. Tá tionchar ag an staid seo ar thús chlár 2014-2020 agus mar aon leis sin, tá torthaí diúltacha eile ar inbhuanaitheacht airgeadais do pháirtithe leasmhara na sochaí sóisialta. Caithfear aisíocaíocht a dhéanamh agus a thabhairt do Bhallstáit, gnóthaí beaga agus meánmhéide, ionaid taighde agus ollscoileanna. Tá daoine ag fanacht ar an méid a bhí geallta dóibh, agus níl siad ábalta fanacht ar an gComhairle ach oiread atá ag glacadh i bhfad an iomarca ama. Tá straitéis nua ag teastáil agus tá sé ag teastáil go luath. Mura dtabharfaimid aire do bhuiséad 2014 anois, conas a bheimid ábalta aire a thabhairt do bhuiséad 2015? Is é seo atá ag déanamh damáiste do chreidiúnacht an Aontais Eorpaigh agus tá géarghá ann go bhfuil sé ar chumas an Aontais Eorpaigh na fiacha seo a íoc agus aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo. Tá sé díreach uafásach; ní féidir linn leanúint ar aghaidh mar seo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph