Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-04-17-Speech-4-167-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140417.32.4-167-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, arís bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don tuarascáil seo agus vótáil mé ar son na moltaí éagsúla. I ndáiríre, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh comórtas féaráilte le fáil ag gach uile dhuine san Aontas Eorpach.
Tá a lán daoine ann a cheapann nach amhlaidh atá. I mo cheantar féin, tá na feirmeoirí ar buile faoin gcomhcheilg a fheiceann siad atá ann idir na monarchana feola. Tá siad ag iarraidh na praghsanna a choimeád síos; tá siad ag ardú na bpraghsanna do na custaiméirí agus tá siad ag cur isteach, go háirithe, ar dhíol ainmhithe ins na margaí.
Bhuail mé leo cúpla lá ó shin – in éineacht le Jim Nicholson – agus tá súil agam gur féidir leis an gCoimisiún rud éigin a dhéanamh faoin gcomhcheilg sin."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples