Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-04-17-Speech-4-081-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20140417.7.4-081-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, cosúil leis na cainteoirí eile, fáiltím roimh an gComhaontú Saorthrádála seo le Vítneam. Tá a lán comhaontuithe déanta againn le déanaí; chríochnaíomar ceann le Ceanada, le Meiriceá Theas, leis an gCóiré agus mar sin de. Is fiú ceann a dhéanamh le Vítneam chomh maith. Tá moladh mór ag dul do Vítneam as ucht an dul chun cinn atá déanta aici le blianta beaga anuas. Blianta ó shin, níor chualamar aon rud faoi Vítneam ach cogadh – an Víotchong agus mar sin de. Tá dul chun cinn iontach déanta acu, agus tá a lán trádála cheana féin idir an tAontas agus Vítneam. I 2012, b’fhiú EUR[nbsp ]23.8 billiún an trádáil sin – EUR[nbsp ]18.5 billiún in iompórtáil agus EUR[nbsp ]5.3 billiún in easpórtáil, agus freisin bhí infheistíocht sheachtrach dhíreach ann de níos mó ná billiún dollar. Dá bhrí sin, is féidir linn dul ar aghaidh ón méid seo agus seansanna, go háirithe, a thabhairt dár dtionscal agus dár bhfiontair níos mó easpórtála a thabhairt isteach ó Vítneam. Tar éis sin, is féidir deiseanna a thabhairt dár ndaoine féin jabanna a fháil agus éalú as an gcúlú eacnamaíochta atá againn le blianta anois. Ag an am céanna, mar a dúirt cainteoirí eile, tá sé tábhachtach go mbeadh meas i Vítneam ar chearta daonna, go mbeadh saoirse ag daoine labhairt amach más mian leo agus go mbeadh saoirse do na meáin ann, ach go háirithe. Ach tá súil agam gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh maidir leis sin chomh maith. Ag deireadh na dála, is dóigh liom gur deis iontach é seo dúinn agus ba chóir glacadh leis an gComhaontú agus tá súil agam go n-éireoidh linn é a chríochnú roimh dheireadh na bliana seo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph