Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-04-17-Speech-4-059-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20140417.6.4-059-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, gan dabht ar bith is ábhar an-chonspóideach é seo mar a chonaiceamar ins an díospóireacht a bhí againn go dtí seo ar maidin. Ní ionadh é sin, mar táimid ag caint faoi imircigh mhídhleathacha ag teacht isteach go dtí an tAontas – suas le leathmhilliún díobh in aghaidh na bliana. Caithfimid a thuiscint cén fáth go bhfuil siad ag teacht isteach. Mar a dúradh, tá siad ag teitheadh ó chogadh agus ó bhochtanas; tá siad in éadóchas agus tá siad ag lorg saol níos fearr dóibh féin – rud daonna do gach uile dhuine. Ach ag an am céanna, tá siad mídhleathach. Bhí treoir tugtha ag an gCoimisiún do na Ballstáit gur ceart iad a choimeád faoi ghlas suas go sé mhí agus gan iad a choimeád níos mó ná ocht mí dhéag. Chuir cuid de na Ballstáit é sin i bhfeidhm; Ballstáit eile, níor chuir siad i bhfeidhm é agus chuaigh siad thar fóir leis. Tá samplaí de sin ann, agus is trua sin. An chéad rud ba cheart dúinn a rá ná gur ceart a thuiscint gur daoine daonna iad seo agus gur ceart a gcearta daonna agus a gcearta sibhialta a chosaint i gcónaí. Tá sé furast an Bhreatain agus an Ghréig a cháineadh, ach ag an am céanna tá níos mó imirceach mídhleathach ag teacht isteach go dtí na tíortha sin ná atá go a lán tíortha eile. Dá bhrí sin, tá fadhb níos mó acu. Bheadh sé níos fearr gan iad a cháineadh, ach obair leo chun teacht ar réiteach féaráilte do gach uile dhuine. Is dóigh liom gurb é sin an rud ba chóir dúinn a dhéanamh. Freisin, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún lámhleabhar a chur ar fáil a thabharfaidh treoir agus moltaí do na Ballstáit amach anseo, agus ba chóir go gcabhródh sé sin leis an bhfadhb seo a réiteach."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph