Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-04-16-Speech-3-111-071"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20140416.132.3-111-071"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, cé nach bhfuil mórán daoine timpeall, tá an t-ábhar seo an-tábhachtach dúinn. Saoirse do reiligiúin agus aitheantas ar chultúir, agus meas ar an dá rud, tá sé an-tábhachtach – go háirithe sa lá atá inniu ann má táimid le dul chun cinn a dhéanamh mar dhaonra sa domhan agus mar chine daonna ach go háirithe. Gach tráthnóna Déardaoin pléimid na hábhair seo mar a bhfuil éagóir le feiceáil trasna an domhain uilig. Mar a dúirt an tUasal Preda, beimid ag caint faoi tráthnóna amárach – go háirithe faoin éagóir atá á dhéanamh ar Chríostaithe sa Phacastáin. Is cinnte go bhfuil éagóir an-mhór á dhéanamh ar Chríostaithe timpeall an domhain uilig. Ba chóir dúinne, go háirithe mo pháirtí féin mar a dúirt an tUasal Posselt agus an tUasal Svensson agus daoine eile, seasamh suas dóibh agus sa tslí sin beimid ag seasamh suas do shaoirse do gach uile reiligiún nó fiú amháin do dhaoine nach bhfuil aon reiligiún in aon chur acu nó nach gcreidid i nDia in aon chor – tá sé sin an-tábhachtach. Ba mhaith liom ins an gcéad chúig bliana eile ina mbeidh an Pharlaimint seo ar siúl go ndéanfaimis athbhreithniú ar na polasaithe atá againn maidir le cúnamh forbartha do thíortha agus freisin an comhréiteach a dhéanaimid le tíortha, go háirithe chun a chinntiú go mbeadh ins na tíortha sin: saoirse reiligiúin, aitheantas do chultúir éagsúla, cearta do mhná – tá sé scannalach an méid atá ar siúl timpeall an domhain maidir le cearta a shéanadh ar mhná – agus, an rud deireanach, deireadh a chur le pionós an bháis, mar a dúirt an t-uasal ón gComhairle."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph