Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-04-03-Speech-4-241-312"
| Predicate | Value (sorted: default) |
|---|---|
| rdf:type | |
| dcterms:Date | |
| dcterms:Is Part Of | |
| dcterms:Language | |
| lpv:document identification number |
"en.20140403.108.4-241-312"2
|
| lpv:hasSubsequent | |
| lpv:speaker | |
| lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá an tsábháilteacht bia fíorthábhachtach do mhuintir na hEorpa agus is léir ó na camscéimeanna bia a nochtadh le déanaí go bhfuil breis cosanta agus inrianaitheachta de dhíth i slabhra an tsoláthair bia.
Fearaim fáilte roimh na tograí maidir le sainaithint leictreonach bó-ainmhithe agus cuirim fáilte ar leith roimh an idirthréimhse de chúig bliana, a thabharfaidh dóthain ama don earnáil an córas a chur i bhfeidhm agus na botúin a rinneadh leis an tsainaithint leictreonach do chaoraigh a sheachaint.
Vótáil mé i bhfabhar an chuir chuige phraiticiúil seo don tsainaithint leictreonach do bhó-ainmhithe. Leis na fadhbanna suntasacha a bhí ag feirmeoirí na hearnála caorach leis an tsainaithint leictreonach, is maith an rud é go mbeidh scéim dheonach clibeála i bhfeidhm don chéad chúig bliana. Beidh an t-am ansin ag an earnáil í féin a ullmhú i gceart.
Tacaím leis an gcinneadh fáil réidh leis na riachtanais don lipéadú deonach agus leis an ualach riaracháin a bhí i gceist, nach raibh maitheas ar bith ann don tomhaltóir. Tá an tsábháilteacht bia ríthábhachtach agus ní mór dúinn a bheith ag comhoibriú le feirmeoirí chun córas praiticiúil a chur i bhfeidhm a chinnteodh go mbeadh ardleibhéal sábháilteachta ann gan aon pháipéarachas neamhriachtanach."@en1
|
| lpv:spokenAs | |
| lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples