Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-03-13-Speech-4-247-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140313.43.4-247-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, thug mé tacaíocht don mholadh seo chomh maith agus d’fhreastail mé ar an díospóireacht a bhí againn faoi sa Pharlaimint inné.
Gan dabht ar bith, tá sé an-tábhachtach go mbeadh buiséad chomh fial agus chomh flaithiúil is féidir againn an bhliain seo chugainn – an dara bliain ina bhfuilimid ag plé le Straitéis 2020 – agus go háirithe maidir leis an gcreat airgeadais don chéad seacht mbliana eile i.e. 2014-2020.
Chuir sé brón orm a chloisint inné go raibh billí nár íocadh anuraidh ón mBeartas Comhtháthaithe. Tá sé an-tábhachtach go n-íocfar na billí chomh luath agus is féidir linn. Beidh sé an-tábhachtach, freisin, airgead a chur ar fáil don aos óg chun jabanna a sholáthar dóibh. A lán díobh, tá orthu dul ar imirce faoi láthair ach leis an bplean atá againn beimid in ann iad a thabhairt ar ais agus jabanna a thabhairt dóibh le cúnamh Dé an bhliain seo chugainn."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples