Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-03-11-Speech-2-628-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20140311.66.2-628-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don tuarascáil seo. Dar ndóigh nuair a bhímid ag caint faoin tionscal talmhaíochta, is minic a dhéanaimid dearmad ar thionscal na gairneoireachta. Ag an am céanna, tá sé an-tábhachtach. Mar a dúradh, úsáideann siad 3% den talamh ach cuireann siad 18% de tháirgí ar fáil, agus a lán díobh i bhfeirmeacha an-bheag – 70% níos lú ná 5 heicteár. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh glasraí úra agus torthaí ar fáil againn go háitiúil, agus caithfimid é sin a chur chun cinn. Tá cúpla fadhb mhór acu agus ba chóir dúinn cabhrú leo, go háirithe maidir le taighde – taighde a bhaineann le ceimiceáin agus leis an nuáil a chothú. Tá sé tábhachtach freisin an ghairm a chothú. Ba cheart go gcuirfeadh muid cúrsaí ar fáil ag an tríú leibhéal chun go rachadh daoine isteach sa ghairm seo. Mar phointe deireanach, caithfimid dul i ngleic leis na miondíoltóirí. Tá an iomarca cumhachta ag cuid díobh, go háirithe na cinn ollmhóra."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph