Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-03-11-Speech-2-406-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140311.54.2-406-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, cailltear 38[nbsp ]000 duine de bharr timpistí bóthair san Aontas Eorpach gach bliain. Feictear domsa go bhfuil sé róthábhachtach minicíocht na ndíobhálacha marfacha agus tromchúiseacha a laghdú go mór agus feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre.
Caithfimid, mar Eorpaigh, oibriú as lámha a chéile agus líon na mbásanna ar ár mbóithre a laghdú. Táim sásta gur glacadh na leasuithe a bhí curtha síos agamsa maidir le gluaisrothair agus leantóirí. Maidir leis na leantóirí, ní bheadh sé praiticiúil – in Éirinn mar shampla – uimhirphláta difriúil a bheith ar leantóirí mar gheall ar an gcostas agus ar an oifigiúlachas atá ag baint lena leithéid. Táim breá sásta go bhfuil an cinneadh ceart déanta againne.
Mar fhocal scoir, tá mé an-bhuíoch as an gcomhoibriú a fuair mé ón Uasal Kuhn agus as an sárobair atá déanta aige maidir leis an tuarascáil seo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples