Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-03-10-Speech-1-189-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140310.17.1-189-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, i slí amháin is dócha gurb é an coiste achainíocha (PETI) an coiste is tábhachtaí go háirithe do shaoránaigh a bhíonn i mbaol trasna na hEorpa: daoine a bhíonn in éadóchas, tagann siad anseo agus faigheann siad dóchas; daoine nach féidir leo cothrom na Féinne a fháil ina thír féin tagann siad anseo agus faigheann siad cothrom na Féinne. Tá moladh mór ag dul do na Feisirí óna Ballstáit éagsúla a éisteann le hachainíocha ó thíortha eile nach bhfuil aon bhaint acu leo. Déanann siad an-jab agus is fiú iad a mholadh dá bharr. Thug mé féin cúpla achainí anseo – ceann amháin a bhain le hionad salachair Inis Sionnach. Bhí an ráta galair don ailse 35% níos airde ná an méan. Tháinig siad anseo agus fuair siad cinneadh sásúil agus anois tá an t-ionad á ghlanadh agus cuirfear deireadh leis an salachar. Dá bhrí sin, déanann sé obair an-mhaith agus dá bhrí sin is fiú é a leanúint amach agus gach tacaíocht a thabhairt dó."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples