Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-02-27-Speech-4-285-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20140227.35.4-285-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don mholadh seo chomh maith, go háirithe mar go mbaineann sé leis an Moldóiv. Tá an-dul chun cinn déanta ag an tír sin agus táimid ag rá anois gur ceart an Mholdóiv a chur ar an liosta dearfach – tá sí ar an liosta diúltach faoi láthair. Tugann sé sin aitheantas don dul chun cinn atá déanta inti. Tabharfaidh mé sampla ar leith: tá cailín, nó go deimhin bean uasal álainn, thuas staighre atá ina anseo agus tagann sí ón Moldóiv. Tháinig sí go hÉirinn cúpla bliain ó shin. Taispeánann sé an sprid atá i muintir na Moldóive gur fhoghlaim sí Gaolainn fiú amháin – cé go raibh sé deacair di agus í ag dul ar scoil agus í ag freastal ar scoil nua agus mar sin de. Agus tá sí ag déanamh jab iontach. Dá bhrí sin, táimid ag rá anseo go bhfuilimid ag tabhairt aitheantais don dul chun cinn atá déanta ag an Moldóiv agus go bhfuilimid ag ligint dóibh taisteal le níos mó saoirse ná mar a bhí acu go dtí seo. Tá sé tuillte acu. Sa tslí sin tabharfaimid sprid agus cabhair agus comhoibriú don mhuintir i gcoitinne agus is maith é sin a dhéanamh."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph