Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-02-06-Speech-4-158-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20140206.25.4-158-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, bhí an-díospóireacht againn inár ngrúpa faoin tuarascáil seo agus dár ndóigh bhí tuairimí éagsúla faoi. Bhí mé ag éisteacht leo agus tuigim cad a bhí le rá ag gach uile dhuine. Ach ag deireadh na dála cheap mo thír agus mo rialtas gur cheart dúinn trí sprioc a bheith againn agus mar sin vótáil mé agus mo pháirtí Fine Gael ar son na trí sprioc sin. Cinnte, níl deireadh ráite faoin ábhar seo agus caithfimid fanacht go dtí deireadh na bliana seo nó an bhliain seo chugainn nó b'fhéidir níos faide chun go mbeadh réiteach ar an bhfadhb againn agus cinnteacht faoi cad ba chóir dúinn a dhéanamh. Ach rud amháin ar cheart a rá – caithfimid i gcónaí a bheith ag féachaint ar conas is féidir linn déileáil leis an bhfadhb mhór atá againn faoin athrú aeráide, agus chonaiceamar arís é sin i rith an gheimhridh seo agus na stoirmeacha agus na tuilte nach raibh againn riamh cheana. Dá bhrí sin, níl an rás rite faoin ábhar seo, agus bhí áthas orm vótáil ar son na moltaí a bhí againn."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph