Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-02-04-Speech-2-285-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20140204.43.2-285-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don tuarascáil seo agus cinnte tá moladh ag dul do Arlene McCarthy as an dea-obair atá déanta aici. Dúirt sí ar maidin go bhfuil sí ag dul ar ais go dtína tír féin chun rudaí a cheartú ansin; agus go n-éirí léi san obair seo. Ba mhaith liom díriú ar dhá mholadh anseo agus is dóigh liom gur maith na moltaí iad. An chéad cheann: go mbeadh pionós ceithre bliana príosúnachta ar a laghad ann do dhaoine a bhíonn ag glacadh páirt i dtrádáil inmheánach mídhleathach, agus freisin do dhaoine a bhíonn ag iarraidh na margaí a shocrú ar mhaithe leo féin. Is maith an moladh é sin. An dara ceann: go mbeadh príosún ar feadh dhá bhliain tuillte ag duine a thugann eolas míchruinn do na húdaráis nuair is gá dóibh, agus dualgas orthu, eolas cruinn a thabhairt. Cabhróidh an dá mholadh sin le rudaí a cheartú amach anseo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph