Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-12-11-Speech-3-639-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20131211.71.3-639-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, ba mhaith liom óráid dhá nóiméad a thabhairt ar an ábhar seo go háirithe ós rud é go dtagaim ó oileán – Éire – Iathghlas Oileánach, mar a thug ár bhfilí air blianta ó shin. Agus i ndáiríre tá áthas orm go bhfuil níos mó béime á chur againn sa Pharlaimint agus san Eoraip i gcoitinne faoin acmhainn atá againn sna farraigí agus rinne mé féin tuairim do mo choiste ar fhás gorm. Gan dabht ar bith mar a dúradh tá seans againn iascaireacht a fhorbairt agus tá an polasaí sin leagtha amach againn don chéad seacht mbliana eile chomh maith le fuinneamh mar a dúradh a athnuachan amhail an ghaoth agus na taoidí. Tá fuinneamh ann freisin ar féidir linn a fháil faoi bhun na bhfarraigí chomh maith le hola agus gáis agus anois ós rud é go bhfuil cúrsaí teicneolaíochta ag dul ar aghaidh chomh tapa agus chomh maith agus atá siad is féidir linn úsáid a bhaint as na hacmhainní sin chun ola agus gás a sholáthar dúinn féin gan bheith ag brath ar ola agus gás a bheith ag teacht ó áiteanna cosúil leis an Rúis agus an Meánoirthear. Freisin, tá mianraí faoi bhun na bhfarraigí ar féidir linn úsáid a bhaint astu chomh maith agus má dhéanaimid é seo go ciallmhar agus mar a dúirt an Coimisinéir trí phlean cinnte a bheith againn tabharfaidh sé sin gríosadh don infheistíocht a bheidh ag tarlú agus teastáil mar sa tslí sin is féidir linn jabanna a chruthú agus fás agus forbairt a bheith againn san Eoraip trí úsáid chiallmhar agus plean maith a bheith againn don fharraige. Ba mhaith liom críochnú leis seo – ba cheart féachaint freisin ar chalafoirt mar shampla calafoirt i m’áit dúchais féin Faing ar an tSionainn. Má dhéanaimid forbairt cheart ar na calafoirt beidh sé sin an-tábhachtach chomh maith chun úsáid a bhaint as an bhfarraige."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph