Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-12-10-Speech-2-917-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131210.82.2-917-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, ba mhaith liom ar dtús mo chara agus mo chomhghleacaí Éireannach, Marian Harkin, a mholadh as an dea-obair, agus go deimhin an gaisce atá déanta aici agus ag a comhghleacaithe maidir leis an tuarascáil seo.
Rinne siad gaisce ar dhá leibhéal: gur éirigh leo an ciste a choimeád don chéad tréimhse airgeadais eile, nuair a thuigeann tú go raibh cuid de na Ballstáit is cumhachtaí ina gcoinne; agus go bhfuil leasuithe chun feabhais tugtha isteach acu, go háirithe go bhfuil na rialacha solúbtha agus go bhfuil na téarmaí níos leithne, á chur san áireamh iontu daoine nach bhfuil aon jab acu agus daoine atá ag obair dóibh féin.
Caithfidh mé a rá gur úsáideadh an ciste seo ceithre huaire i mo thoghcheantar féin agus go raibh an ceann deireanach i bhfad níos fearr ná an chéad cheann, is é sin go raibh sé níor fearr i gcás Talk Talk ná a bhí i gcás Dell. Taispeánann sé sin nuair a théann údaráis riaracháin sna Ballstáit i dtaithí ar rialacha go mbíonn níos mó tairbhe ann do na hoibrithe.
Beidh an cás sin níos fearr amach anseo de bharr na leasuithe seo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples