Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-11-20-Speech-3-458-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20131120.56.3-458-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Vótáil mé i bhfabhar na tuarascála maidir le forbairt tuaithe. Fearaim fáilte ar leith roimh an tsolúbthacht lena mbeidh na Ballstáit in ann na tosaíochtaí a chur in oiriúint dá riachtanais shainiúla féin agus gan orthu dul i ngleic le rómhaorlathas na ‘n-aiseanna’, rud a chur isteach go mór ar an gclár go dtí seo. Tacaím leis an gcinneadh 5% den mhaoiniú a chaitheamh ar chláir LEADER. Cabhraíonn na cláir sin go mór le borradh geilleagair áitiúil, leis an gcruthú poist agus le pobail tuaithe a spreagadh. Ní mór do na rialtais náisiúnta a lántacaíocht a thabhairt do chlár LEADER agus an ghné sin den dara colún a chur i bhfeidhm gan mhoill. Is dearfach iad na bearta a bhaineann le feirmeoirí óga agus cabhróidh siad le próifíl aoise earnáil talmhaíochta AE a athrú. Tabharfaidh na deontais tosaithe d’fheirmeoirí óga agus beaga spreagadh don earnáil agus spreagfaidh siad nuáil i gcúrsaí talmhaíochta AE. Fearaim fáilte freisin roimh an tacaíocht airgid atá ann don fhoraoiseacht. Chuir mé féin béim ar leith ar thacaíocht a thabhairt do na Seirbhísí Comhairleacha Talmhaíochta agus bheinn ag súil go n-úsáidfí acmhainní méadaithe na seirbhísí sin chun dul i ngleic le ceisteanna sábháilteachta feirme."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph