Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-11-20-Speech-3-368-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131120.51.3-368-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, cosúil leis an tuarascáil eile bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don mholadh seo agus vótáil ar a shon. Arís, glacadh leis le móramh mór agus is maith sin, mar rinne an rapóirtéir Boştinaru agus a chomhghleacaithe an-chuid oibre. Tá feabhas mór tagtha ar an gCiste Comhtháthaithe anois le hais mar a bhí go dtí seo.
Gan dabht ar bith is é an Ciste seo an tslí is fearr don Aontas chun cabhrú leis na réigiúin is boichte san Aontas, agus is cóir agus is ceart sin. Chonaic mé é sin i mo thír féin; nuair a thángamar isteach san Aontas i 1973 bhíomar an-bhocht - gan againn ach beagnach leath den GDP don Eoraip i gcoitinne. Anois cé go bhfuil an cúlú eacnamaíochta ag cur isteach go mór orainn, tá an caighdeán maireachtála níos airde de bharr an Chiste seo. Dá bhrí sin, molaim é agus tá súil agam go gcabhróidh sé arís chun cabhrú leis na háiteanna bochta ach go háirithe."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples