Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-11-19-Speech-2-295-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131119.33.2-295-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, I ndiaidh tréimshe fada plé, is cúis áthais dom í vótáil ar son an chláir Erasmus Plus. Is scáthchlár nua oideachais, oiliúna, óige agus spóirt don thréimhse 2014-2020 é seo a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm go mór ar phobail an AE agus ar an aos óg go háirithe. Thar thréimhse seacht mbliana an chláir beidh breis is ceithre milliún duine óg i dteideal maoiniú a fháil chun dul i mbun oideachais, oiliúna, obair dheonach nó gníomhaíochtaí spóirt nó óige i mballstát Eorpach nach a dtír dhúchais í. Beidh cúrsaí bainistíochta faoin gclár nua simplithe níos easca trédhearcaí, beidh fáil níos furasta ar mhaoiniú agus beidh laghdú ar na costais riaracháin. Ní mór do rialtais na mBallstát an clár a chur i bhfeidhm gan mhoill agus a chinntiú go mbíonn na hacmhainní, maoiniú agus eolas cuí ar fáil d’eagraíochtaí oideachasúla agus spóirt chun an clár seo a chur in oiriúint do mhuintir a dtíortha. Mar iar-Aire Spóirt agus Óige, is cúis shásaimh ar leith dom é go bhfuil aitheantas á thabhairt don chéad uair don spóirt mar bheartas oifigiúil Eorpach. Beidh cumainn spóirt agus óige agus oibrithe óige eile in ann anois maoiniú a bhaint amach don oiliúint, malartú agus líonrú."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples