Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-11-18-Speech-1-119-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131118.16.1-119-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá áthas orm cúpla focal a rá ar an ábhar tábhachtach seo agus go háirithe ba mhaith liom an Coimisinéir, an rapóirtéir agus Uachtaránachtaí na hÉireann agus na Liotuáine a mholadh as an dea-obair a rinne siad chun na moltaí seo a thabhairt os ár gcomhair anseo anocht.
Tá a fhios agam go raibh an-suim ag mo chomhghleacaí féin, aire na hÉireann Jimmy Deenihan, sa tuarascáil seo agus beidh sé sásta go bhfuil toradh faighte air anois.
Is fiú tacaíocht a thabhairt do na meáin agus do chúrsaí cultúrtha i gcoitinne, agus cé nach bhfuil an buiséad rómhór - EUR 1.4 billiún, méadú 9% - bheadh sé níos fearr dá mbeadh sé níos mó. Ach bíodh sin mar atá, caithfimid an rud is fearr a dhéanamh leis. Go háirithe, chun cabhair a thabhairt do na gnónna miona agus meánmhéide agus airgead a chur ar fáil dóibh trí dheontais agus trí iasachtaí amach anseo.
Is fiú an tuarascáil seo a ghlacadh agus a mholadh."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples