Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-10-24-Speech-4-173-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131024.21.4-173-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, is dóigh liom go bhfuil an t-ábhar seo an-tábachtach go háirithe i dtaobh comhluadair atá ag brath ar an bhfarraige dá ngairm bheatha. Tá a lán díobh siúd i mo cheantar féin.
Dá bhrí sin, tá sé an-tábhachtach go mbeadh eolas cinnte againn bunaithe ar eolaíocht agus taighde; go mbeadh muid in ann acmhainní na farraige a úsáid i gceart; agus go háirithe cosaint a thabhairt do na héisc agus don áit ina bhfuil siad á mbreith i dtreo agus nach gcuirfimid isteach orthu. Is é atá i gceist leis seo ná mapa a dhéanamh de leaba na farraige, agus caithfear é sin a dhéanamh ar dtús sular féidir linn dul ar aghaidh agus na hacmhainní atá faoi bhun na farraige a úsáid.
Tá an-seans go deo againn jabanna a chruthú trasna na hEorpa ar fad agus feictear é sin sna tuarascálacha go léir atá againn. Ach sular féidir é sin a dhéanamh, caithfimid a bheith cinnte faoi cad a tharlóidh do na héisc agus don chomhshaol nuair a thugaimid faoin obair seo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples