Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-10-22-Speech-2-345-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20131022.32.2-345-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"D’eagraigh mé seimineár maidir leis an mbearna scileanna agus cúrsaí oideachais i bParlaimint na hEorpa i mí Bealtaine na bliana seo. Bhí saineolaithe oideachais agus oiliúna ó gach cearn den AE ag labhairt ag an seimineár, ag tarraingt airde ar an dá mhilliún folúntas atá ann san AE in ainneoin an ráta ard dífhostaíochta atá ann. Cé go raibh fadhb mar seo ann cheana le poist neamh-oilte, is poist oilte freisin atá i gceist anois. Níl an AE chun teacht as an ngéarchéim mura mbeidh na scileanna cuí ar fáil chun todhchaí láidir a thógáil. Chuige sin, ní foláir cúrsaí oideachais agus oiliúna Eorpacha a mhaoiniú, a athchóiriú agus a thabhairt suas chun dáta. Tacaím leis an rapóirtéir maidir le tús áite a thabhairt d’iarrachtaí dul i ngleic le cúrsaí dífhostaíochta, agus tá an t-oideachas agus an oiliúint ríthábhachtach chuige sin. Chabhródh breis comhoibrithe Eorpach ó thaobh eolais agus oilteachta de leis an AE fás, oiliúint, fostaíocht agus, uathu sin, cumas iomaíochta an AE a spreagadh. Tacaím freisin leis an moladh i dtaca le taithí oibre, intéirneachtaí agus printíseachtaí, agus na scileanna a fhoghlaimíonn daoine óga uathu, a úsáid chun an bearna idir cursaí oideachais, taighde agus gnó a laghdú."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph