Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-10-09-Speech-3-254-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20131009.29.3-254-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Ós rud é go bhfuil an tsoghluaisteacht ghairmiúil i gcroílár chumas iomaíochais AE agus go bhfuil sí riachtanach ó thaobh dul i ngleic leis an dífhostaíocht san Eoraip de, vótáil mé i bhfabhar na tuarascála tráthúla tábhachtaí seo. Fearaim fáilte ar leith roimh na bearta simpliúcháin agus roimh an togra maidir le Cárta Gairmiúil Eorpach a thabhairt isteach. De réir staidéar pan-Eorpach a rinneadh le déanaí, tá 53 % d’aos óg na hEorpa sásta nó cíocrach dul ag obair i dtír Eorpach eile. Ní mór go mbeadh córas i bhfeidhm chun cúrsaí soghluaisteachta a éascú agus go mbeadh aitheantas trasteorann á thabhairt do scileanna agus cáilíochtaí daoine óga agus gan an-iomarca riaracháin a bheith i gceist leis sin. Anuas ar sin, ní foláir go gcuirfí i bhfeidhm gan mhoill na bearta i dtaca lena chinntiú nach mbíonn gairmithe san earnáil sláinte – m.sh. dochtúirí, banaltraí, poitigéirí agus oibrithe cúraim leanaí – a fhaightear ciontach i mí-iompar gairmiúil nó coiriúil ina dtír féin in ann a bheith ag obair i mBallstát eile san Eoraip. Ní sé leath maith go leor nach bhfuil bearta chuige sin i bhfeidhm cheana. Ní mór tús áite a thabhairt i gcónaí do shábháilteacht daoine agus othar atá leochaileach."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph