Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-10-08-Speech-2-308-500"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20131008.31.2-308-500"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Is baill muid den pháirtí polaitiúil in Éirinn a chur cosc sa bhliain 2004 ar thobac a chaitheamh laistigh – an chéad tír san AE a rinne a leithéid – agus vótálamar i bhfabhar na reachtaíochta tábhachtaí seo. Thacaíomar go háirithe leis an moladh íosmhéid de 65% d’fhógraí rabhaidh a bheith ar chlúdach toitíní. Ós rud é go bhfuil tuairiscí ann ó dhaoine a dhearbhaíonn gur chabhraigh na toitíní leictreonacha leo éirí as an gcaitheamh tobac, ní rabhamar sásta, áfach, tacú le moladh an Choimisiúin na toitíní leictreonacha sin a chur ar fáil le hoideas amháin. Thiocfadh sé sin salach ar na cuspóirí i dtaca le daoine a spreagadh chun éirí as an gcaitheamh tobac. Faigheann 700 000 duine sa bhliain bás san AE ón tobac agus is é an caitheamh tobac an phríomhchúis inchoiscthe báis. Tá éirithe go maith le roinnt blianta anuas le hiarrachtaí maidir le rátaí caithimh tobac a ísliú: 40% de mhuintir an AE a chaith tobac i 2002 agus is 27% an figiúr a bhí ann anuraidh. Tacaímid go láidir le bearta na tuarascála i dtaca le díspreagadh a thabhairt do dhaoine tobac a chaitheamh agus i dtaca le cabhrú leo siúd a dteastaíonn uathu éirí as."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph