Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-09-12-Speech-4-171-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130912.39.4-171-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, go raibh maith agus bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt do na moltaí seo agus molaim an rapóirtéir as ucht an jab maith a rinne sí. Gan dabht ar bith, tá an t-aos óg thíos leis faoi láthair de bharr an chúlú eacnamaíochta cé go ndearna a lán gach rud i gceart. Chuaigh siad ar scoil, d’fhoghlaim siad, fuair siad cáilíochtaí ach ag deireadh na dála ní raibh jabanna acu. Mar a dúirt Emer Costello, tá suas chomh fada le 26 % den aos óg i mo thír féin ar imirce. B’fhearr leo a bheith ag obair thar lear ná a bheith díomhaoin ag an mbaile. Ach anois tá seans againn rud éigin a dhéanamh dóibh agus go háirithe an ráthaíocht seo a thugann jab nó oiliúint dóibh agus tá a leithéid an-tábhachtach. Mar a dúirt an tUachtarán Barroso inné, tá sé an-tábhachtach go gcuirfeadh na Ballstáit na moltaí seo i bhfeidhm chomh luath agus chomh praiticiúil agus is féidir. Ar a laghad chabhródh sé chun déileáil leis an bhfadhb."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples