Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-09-11-Speech-3-633-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130911.56.3-633-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Is ceist thráthúil í seo agus iarraim ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt sa Straitéis Eorpach um Shláinte agus Sábháilteacht ag an obair ar na deacrachtaí a bhíonn ag feirmeoirí Eorpacha. Is earnáil ar leith í earnáil ghuaiseach na talmhaíochta. Cuireann feirmeoirí uaireanta fada isteach, is cuma cén aimsir a bhíonn ann, agus bíonn guaiseacha meicniúla, leictreacha, ceimiceacha agus bitheolaíocha chomh maith le bagairt na ngalar riospráide agus na zónóise i gceist leis an obair aonraithe a bhíonn ar siúl acu. Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil ceisteanna sláinte agus sábháilteachta ar leith ann san earnáil talmhaíochta. Tá seans níos airde ann go dtarlódh timpiste ar feirm ná ar láthair eile oibre agus tá an baol sin méadaithe arís toisc gur láithreacha cónaithe chomh maith le láithreacha oibre iad feirmeacha. Tarlaíonn breis is 550 timpiste marfach in earnáil talmhaíochta an AE gach uile bhliain agus tá seans seacht n-oiread níos mó ann go bhfaighidh feirmeoir bás ar an láthair oibre ná gairmeacha beatha eile. Is bunriachtanas gnó inmharthana talmhaíochta ar bith é an tsláinte agus an tsábháilteacht agus iarraim ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt do sin sa Straitéis nua Sláinte."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph