Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-07-04-Speech-4-234-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130704.32.4-234-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí áthas orm vótáil le mo Ghrúpa sna leasuithe go léir ar an tuarascáil seo – le heisceacht amháin. Is é sin an vóta deiridh. Staonamar sa vóta deiridh, mar déantar tagairt do laghdú ar an líon Feisirí do thíortha éagsúla, agus maidir le hÉirinn sin laghdú ó dháréag go dtí a haon déag.
Bhí cúig Fheisire déag againn blianta ó shin. Chuaigh sé síos go trí cinn déag; anois dáréag agus an bhliain seo chugainn aon déag. Cá stopfaidh sé! Deirtear go bhfuil sé seo á dhéanamh in ainm ‘degressive proportionality’, ach dar liomsa is ‘depressive disproportionality’ atá i gceist.
Dá bhrí sin nílimid sásta leis agus go háirithe, mar a dúirt an Feisire Anderson, é a bheith ag teacht chomh déanach – níos lú ná bliain amach ó na toghcháin. Níl sé féaráilte do na Feisirí ná d’éinne."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples