Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-07-03-Speech-3-294-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130703.35.3-294-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Le ráig den bhaictéar E.coli i dTuaisceart na hEorpa sa bhliain 2011, cailleadh roinnt daoine agus cruthaíodh anbhá i measc an phobail. Ba léir ag an am sin go raibh gá le breis comhordaithe ar leibhéal AE chun muintir an Aontais a chosaint ó réimse leathan bagairtí trasteorann ar shláinte an duine.
Chuige sin, vótáil mé i bhfabhar na mbeart i dtaca le leathnú a dhéanamh ar an sásra comhordaithe i dtaca le galair theagmhálacha agus bagairtí ar shláinte ó fhoinsí bitheolaíocha, ceimiceacha nó timpeallachta, agus tacaím go háirithe leis an moladh atá ann maidir le bearta a chur i bhfeidhm ionas go mbeifí in ann ‘cás sláinte éigeandála Eorpach’ a aithint d’fhonn is go mbeifí in ann fáil níos tapúla ar chóir leighis agus ar sheirbhís éigeandála comhordaithe a chinntiú."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples