Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-07-03-Speech-3-149-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130703.28.3-149-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí díomá orm inné nuair nach bhfuair mé seans labhairt nuair a bhíomar ag déanamh díospóireachta ar Uachtaránacht na hÉireann. Tharla an rud céanna ar maidin agus muid ag déanamh díospóireachta ar Uachtaránacht na Liotuáine, cé go raibh mé sa Pharlaimint i rith na ndíospóireachtaí go léir ó thús deireadh.
Ach anois, ós rud é go bhfuil deis cainte agam ba mhaith liom a rá go bhfuil áthas orm go bhfuil an chuid is mó de na tráchtairí féaráilte neamhspleácha ag rá go ndearna Éire an-jab. Tá moladh ag dul don rialtas, don Taoiseach, don Tánaiste agus do na hairí go léir as ucht an jab an-mhaith a rinne siad agus go háirithe, is dóigh liom, ba cheart moladh a thabhairt d’obair na státseirbhíseach a rinne an-jab freisin. Tá sé tábhachtach iad a lua.
Ba mhaith liom rath a ghuí ar an Liotuáin don sé mhí atá le teacht. Bhí áthas ar fad orm nuair a glacadh leis an MFF. Tá an-mholadh ag dul do Alain Lamassoure, ár rapóirtéir, agus don Tánaiste Eamon Gilmore a rinne togha jab ar fad."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples