Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-07-02-Speech-2-411-500"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130702.43.2-411-500"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Tá ról an-tábhachtach ag comharchumainn i ngeilleagar na hÉireann agus na hEorpa, go háirithe ó thaobh poist a chruthú de agus nasc a chruthú idir brabúsacht agus dlúthpháirtíocht.
Is eagraíochtaí riachtanacha iad na comharchumainn, go háirithe in am an ghátair, toisc go gcuireann siad le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus réigiúnach. Faoi láthair, tá fostaíocht inmharthana á cur ar fáil ag comharchumainn do 5.4 milliún duine agus tá léirithe ag na comharchumainn le blianta beaga anuas go bhfuil cumas i bhfad níos fearr iontu déileáil le géarchéimeanna eacnamaíocha ná mar atá i ngnáthchuideachtaí.
Anuas ar sin, tá na luachanna céanna ag na comharchumainn agus atá ag AE féin agus na spriocanna céanna acu agus atá ag Straitéis 2020 don Eoraip."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples