Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-07-02-Speech-2-380-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130702.42.2-380-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don tuarascáil seo chomh maith agus is dóigh liom go bhfuil an-seans againn a lán jabanna a chruthú trí acmhainní na farraige a úsáid i gceart amach anseo. Deirtear é sin sa tuarascáil, agus is maith sin.
Freisin, ós rud é go bhfuilim ag caint agus nach bhfuaireas seans labhairt ar maidin maidir le hUachtaránacht na hÉireann, ba mhaith liom ar dtús an rialtas a mholadh as ucht an dea-jab a rinne siad i gcoitinne. Go háirithe maidir leis an ábhar seo, tá moladh ag dul don aire Simon Coveney as ucht leasú a dhéanamh ar an gComhbheartas Iascaigh, agus is dóigh liom go mbeidh toradh maith air sin amach anseo.
I gcoitinne, tá an-seans againn mórán jabanna a chruthú go háirithe má dhírímid ar thurasóireacht mar a bhaineann sí leis an bhfarraige. Is dóigh liom go bhfuil éileamh mór air sin faoi láthair agus fásfaidh an t-éileamh sin amach anseo. Dá bhrí sin tá a lán seansanna againn mórán a dhéanamh maidir leis an bhfarraige amach anseo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples