Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-06-12-Speech-3-446-968"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130612.51.3-446-968"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Vótáil mé i gcoinne an togra seo ós rud é go mbeadh tionchar suntasach i gceist d’Éirinn leis, toisc go laghdódh sé ionadaíocht na tíre i bParlaimint na hEorpa go 11 Fheisire. Mar atá faoi láthair, tá 23 choiste oifigiúil i bParlaimint na hEorpa á gclúdach ag 12 Fheisire Éireannach – is dúshlán iontach mór é sin cheana féin agus bheadh sé i bhfad níos deacra fós mura mbeadh ach 11 Fheisire ag an tír. Ní mór go mbeadh guth agus tionchar ceart ag gach uile Bhallstát agus dá laghdódh AE ar an ionadaíocht a bhíonn ag na Ballstáit bheaga agus mheánmhéide chun freastal ar Bhallstáit nua an Aontais bheadh an guth agus an tionchar sin á mbaint, agus ní bheimis in ann ionadaíocht mar is ceart a dhéanamh ar phobal na hÉireann. Tá an togra seo ag déanamh idirdhealaithe ar na Ballstáit bheaga agus mheánmhéide, chun leasa na mBallstát mór. Tá an chumhacht fós ag Rialtas na hÉireann a cheart crosta a úsáid sa Chomhairle. Impím arís ar an Rialtas beart a ghlacadh chun a chinntiú nach gcaillfidh Éire suíochán eile i bParlaimint na hEorpa."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph