Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-06-12-Speech-3-417-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130612.49.3-417-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá an Comhbheartas Talmhaíochta an-tábhachtach do chúrsaí talmhaíochta trasna na hEorpa ar fad, agus sin an fáth go bhfuil dian-díospóireacht ar súil le blianta beaga anuas faoi. Tá súil agam go n-éireoidh le hUachtaránacht na hÉireann an Comhbheartas Talmhaíochta seo a thabhairt thar an líne roimh dheireadh na míosa seo. Beidh sé sin an-tábhachtach, agus tá siad ag déanamh a ndíchill leis sin a dhéanamh.
Maidir leis an moladh seo, tá fadhb ag an gCoimisiún mar bhí na figiúirí a luaigh siad níos airde ná na figiúirí a fuair siad ón gComhairle. Dá bhrí sin, tá gá leasú a dhéanamh orthu.
Gan dabht ar bith, tá na híocaíochtaí an-tábhachtach do a lán feirmeoirí, ach go háirithe do na feirmeoirí beaga, atá ag brath orthu chun brabús a dheanamh. Dá bhrí sin, is dóigh liom gur cheart eisceacht a dhéanamh díobh – cibé an bhfuil daoine ag fáil EUR 5 000 nó EUR 2 500, nó pé figiúir a bhfuilimid sásta glacadh léi – ach tá sé tábhachtach eisceacht a dhéanamh de na feirmeoirí beaga."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples