Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-06-11-Speech-2-701-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130611.50.2-701-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, ar dtús ba mhaith liom a rá leis an gCoimisinéir go bhfuil súil agam go n-éireoidh leis agus le hUachtaránacht na hÉireann comhréiteach a fháil ar an socrú maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta roimh dheireadh thréimhse Uachtaránacht na hÉireann i gceann cúpla seachtain. Má éiríonn linn é sin a dhéanamh, beidh dul chun cinn déanta againn. Chomh maith leis sin, tá sé an-tábhachtach go n-éireoidh linn an MFF a thabhairt thar an líne chomh luath agus is féidir mar tá gach rud ag brath air sin. Maidir leis an bhfadhb atá againn anocht, is fadhb chasta í, ní fadhb mhaith í, ní dea-scéal é d’aon duine ach, mar a dúirt sé, tá na figiúirí atá ag an gCoimisiún níos luaithe ná an t-airgead atá againn. Dá bhrí sin, tá gá le leasú. Níl daoine sásta leis ach caithimid a bheith réadúil agus, le bheith réadúil, caithimid athrú a dhéanamh. Aontaím, leis, gur cheart eisceacht a dhéanamh de na feirmeoirí beaga mar tá a lán díobh siúd ag brath ar na híocaíochtaí seo chun dul ar aghaidh ag feirmeoireacht, agus is fiú eisceacht a dhéanamh díobh."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph