Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-05-21-Speech-2-613-250"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130521.43.2-613-250"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Níl ach 5 % de na leabhair a fhoilsítear ar fáil i leaganacha a bheadh oiriúnach dóibh siúd a mbíonn deacrachtaí acu le téacs clóbhuailte agus ní bhíonn leagan inrochtana ar bith ar fáil i gcás 95 % d’fhoilseacháin.
Cé go bhfuil sé mar aidhm ag an dréachtchonradh go ndéanfaí comhchuibhiú ar eisceachtaí d’fhonn acmhainní a roinnt ar mhaithe le leaganacha inrochtana a chur ar fáil, is léir ón méid atá le rá ag eagraíochtaí a bhíonn ag gníomhú ar son lucht lagamhairc go bhfuil fadhbanna móra ag baint le hAirteagal D agus le hAirteagal E. Cuireann Airteagal D agus Airteagal E iallach ar na heagraíochtaí sin leabhair a bhíonn ar fáil ar bhonn trádála i leaganacha inrochtana a aimsiú; ní amháin ina dtír féin ach thar lear freisin.
Is costas agus ualach iomarcach a bheadh sa mhéid sin. Ní mór go mbeimis ag déanamh iarrachta fáil réidh leis na bacainní a bhíonn ann do dhaoine faoi mhíchumas, in ionad rialacháin agus maorlathas breise a chruthú dóibh. Is léir, ó thaobh eisceachtaí agus teorainneacha cóipchirt de, go mba chóir spreagadh breise a thabhairt do shealbhóirí cóipchirt chun leaganacha inrochtana dá saothar a chur ar fáil."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples