Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-05-21-Speech-2-442-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130521.37.2-442-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, tá córais phinsin phinsinéirí na hEorpa faoi bhrú. Sa chéad chás de, tá daonra na hEorpa ag dul in aois, tá saol níos faide agus sláinte níos fearr in ndán anois do phinsinéirí. Tá méadú de bhreis is 2 mhilliún sa bhliain ag teacht ar an méid daoine atá thar aois a 60. Sa dara cás, áfach, tá laghdú ag teacht ar an bpobal infhostaithe agus ar rátaí breithe. Sa bhliain 2008 bhí ceathrar fostaithe do gach pinsinéir. Faoi 2060 beidh pinsinéir amháin ann do gach beirt a bheidh ag obair. Fearaim fáilte roimh mholtaí na tuarascála atá bunaithe ar an gClár Oibre Eorpach do Phinsin Leordhóthanacha, Sábháilte agus Inmharthana agus atá dírithe ar óg agus aosta. Cé go dtiteann cúrsaí pinsin faoi fhreagracht na mBallstát don chuid is mó, tá tábhacht iontach ag baint le comhordú an AE sa scéal seo. Tacaím go háirithe lena bhfuil sa tuarascáil maidir le heolas níos fearr agus níos soiléire maidir le pinsin a chur ar fáil. Ní foláir go mbeadh fáil éasca ag muintir an AE ar eolas cruinn ceart faoi phinsin agus faoi na rioscaí a bhíonn ann, ar mhaithe le cinntí eolasacha cúramacha a ghlacadh."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph