Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-05-21-Speech-2-432-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130521.37.2-432-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don tuarascáil seo chomh maith. Glacadh leis le móramh mór: 502 i bhfabhar, 138 i gcoinne agus 49 ag staonadh. Gan dabht ar bith is ceart dúinn díriú ar an ábhar seo, mar tá imní ar a lán duine faoi phinsin sa lá atá inniu ann de bharr an cúlú eacnamaíochta agus, faraor, tá a bpinsin caillte ag a lán duine. Dá bhrí sin, is cóir dúinn féachaint ar shlite nua chun pinsin a sholáthar do dhaoine, go háirithe ós rud é go bhfuil daoine ag maireachtaint níos faide anois ná riamh, agus leanfaidh sé sin ar aghaidh amach anseo le cúnamh Dé.
Mar sin, ba chóir dúinn féachaint ar shlite nua, mar a dúirt mé, agus rud amháin nár cheart a dhéanamh ná an aois gur féidir le daoine pinsin a fháil a laghdú. Níl aon chiall leis sin. Tá sé ag tarlú i dtír nó dhó ach, bíodh sin mar atá, caithfimid ár ndícheall a dhéanamh ar son ár saoránaigh."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples