Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-03-14-Speech-4-145-500"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130314.24.4-145-500"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Mar chomhalta den toscaireacht ACC-AE, tá sé feicthe agam féin an difríocht a dhéanann comhar agus cúnamh airgid AE do shaol daoine i dtíortha bochta agus tuigim cé chomh tábhachtach is atá an comhar sin ó thaobh na n-iarrachtaí deireadh a chur leis an mbochtanas i dtíortha ACC. Le 20 bliain anuas tá EUR 14 billiún de chúnamh daonnúil leithdháilte in 140 tír ar dhaoine atá buailte le cogadh nó tubaiste nádúrtha. Faoi láthair, tá cúnamh de EUR 11.3 billiún á dháileadh ag AE, agus is é an tAontas an tabharthóir cúnaimh iltaobhach is mó ar domhan. Ní fhéadfaidh sé sin athrú. Measann 85% de mhuintir na hEorpa gur chóir leanúint de chúnamh a thabhairt do na tíortha atá i mbéal forbartha. Tuigim buarthaí an Rapóirtéara i dtaca leis na ciorruithe ar an gCiste Eorpach Forbraíochta agus tacaím leis an moladh maidir le bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar chúrsaí chun freastal ar na ceantair is mó ina mbíonn cúnamh ag teastáil. Meastar go mbeidh méadú 70% ar an soláthar bia ag teastáil faoi 2050 le freastal ar riachtanais daonra dhomhanda de 9 billiún duine. Ní mór, mar sin, díriú ar chúrsaí talmhaíochta inmharthana a fhorbairt i dtíortha atá i mbéal forbartha."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph